Skip to main content
Search
Gaeilge English

An Chathair Is Cairdiúla

Tá cáil ar na hÉireannaigh mar gheall ar a gcumas chun a gcuid scéalta a bhailiú agus a roinnt – agus tá fáth leis sin.

Tír í seo a leagann luach chomh mór sin ar an gcumas cainte go bhfuil cloch ársa inti a bhronnann “bua na hurlabhra” ar gach duine a phógann í. Ní haon ionadh é mar sin gur áirigh Condé Nast Traveller an phríomhchathair againn, ina shúil siar bhliantúil
Fáilte go Baile Átha Cliath

Ní chuirfidh Baile Átha Cliath aon díomá ort mar phríomhchathair na hÉireann. Tagraíonn Lonely Planet do Bhaile Átha Cliath mar “cathair bheag a bhfuil cáil ollmhór uirthi” – agus leis an bhfáilte a bhfuil cáil dhomhanda air agus leis an bhflúirse staire, féadann tú bheith cinnte go nglacfar isteach sa chomhrá thú.

Saol beoga sóisialta

De réir duine de na léirmheastóirí do shuirbhé léitheoirí Condé Nast , tá an chathair lán le “tábhairní agus bialanna lán le muintir na háite agus turasóirí, tagtha le chéile chun ceol a bhaint as an saol". Cathair is ea Baile Átha Cliath a shiúlfá – beidh sé seo ina chabhair chun saol oíche na cathrach, a bhfuil cáil ar fud an domhain air, a bhlaiseadh. Bíodh blúire le hithe agat i gceann de na ceithre bhialann sa chathair a bhfuil réaltaí Michelin bainte amach acu nó faigh blaiseadh de na hionaid réchúiseacha is mó a bhfuil tóir orthu chun proinn a chaitheamh. Ansin bain triail as gig bheo insna hionaid bheoga in aice le Sráid Loch Garman nó as an gceol traidisiúnta i mBarra an Teampaill. Mar bhuille scoir, déan spaisteoireacht faoin ngealach chun droichid áille na Life a fheiceáil agus an ghealach ag taitneamh orthu.

Flóra agus Fána

Maidir le duilliúr úr Bhaile Átha Cliath is beag cathair a bhfuil a shárú sin aici. Más mian leat lán do shúile a bhaint as an radharcra, ar aghaidh leat go Faiche Stiabhna – páirc iontach atá neadaithe i gcroílár na cathrach. Nó taisteal beagán níos faide ná sin go dtí Zú Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Fhionnuisce, cúpla slat ón bpríomhstáisiún traenach. Tá Garraithe Náisiúnta na Lus mar áit shuaimhnis díreach ó thuaidh ón Life. Má tá tú ag iarraidh spota pictiúrtha chun siúl ann agus má tá an méid sin seiceáilte amach agat, féadann tú cuairt a thabhairt ar Ireland.com chun forléargas a fháil ar an méid atá le fáil i mBaile Átha Cliath.

Béim ar an gCultúr

Tá Leabhar Ceanannais i measc na lámhscríbhinní is clúití ar domhan, é ann ó tuairim is 800 AD, agus tá sé le fáil i gColáiste pictiúrtha na Tríonóide. In aice láimhe tá Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus Músaem na Staire Nádúrtha – spreagfaidh siad araon fiosracht ionat faoin gcultúr. Is maith is fiú freisin cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann, ar an mbealach go dtí Príosún Chill Mhaighneann, agus ar Mhúsaem na nEalaíona Maisiúla agus Staire. Chun tuilleadh eolais a fháil seiceáil amach https://www.visitdublin.com/