Skip to main content
Search
Gaeilge English

An Diabhal, Bandia agus Ardrí

Ní bhíonn samhlaíocht iontach ná finscéalta meallacacha i bhfad ar shiúl nuair a bhaintear an craiceann de stair mhistéireach na hÉireann.

Clúdaíonn Sean-Oirthear na hÉireann 17 gcontae. Faightear imeallbhoird sceirdiúla agus tearmainn spioradálta scoite sa réigiún seo. Ón gCabhán go Cill Chainnigh agus ón Longfort go Tiobraid Árann, tá an dúrud áiteanna agus staire le taiscéaladh.

Tá os cionn 30,000 caisleán in Éirinn lena mbaineann miotais agus scéalta leis na céadta bliain. Tá ár stair ársa greanta go doscriosta i ngach cloch.

De réir an tseanchais, chuir Naomh Pádraig an ruaig ar an Diabhal. Tar éis dó é sin a dhéanamh, bhain an Diabhal greim as sliabh áitiúil; chaith sé an bhéalóg charraige sin amach arís agus rinneadh Carraig Phádraig i gContae Thiobraid Árann di. Bhíodh Ríthe na Mumhan i réim anseo ar feadh na nglún sular ghabh Brian Bóramha – rí freasúra a ndearnadh Ardrí na hÉireann de ar deireadh – seilbh ar an áit sa deichiú haois.

Níl i nDún Másc i gContae Laoise ach fothrach sa lá atá inniu ann ach bhíodh cónaí ar Aoife agus a fear céile ansin tráth dá raibh. Iníon Rí Laighean ba ea í agus bhí sí pósta le Strongbow, ar ridire cáiliúil Normannach é.

Baineann an-tábhacht le cnoic áirithe in Éirinn freisin.

De réir an tseanchais, chuir Naomh Pádraig an ruaig ar an Diabhal. Tar éis dó é sin a dhéanamh, bhain an Diabhal greim as sliabh áitiúil agus chaith sé an charraig amach arís.

Meastar go bhfuil Cnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí suite díreach i lár na hÉireann. Is féidir 20 contae a fheiceáil ó mhullach an chnoic. Is áit bheannaithe é an cnoc de bharr go ndeirtear go bhfuil bandia na talún, Ériu, agus dia na gréine, Lugh, curtha faoi. Tagann ainm na tíre, Éire, as Ériu.

Tá Bealtaine (an 1 Bealtaine) ar cheann de na ceithre fhéile Ghaelacha shéasúracha. Dhéanadh an fhéile tús an tsamhraidh a cheiliúradh. Chuirtí féastaí ar siúl agus lastaí tinte cnámh chun an t-eallach, na barra agus na daoine a chosaint agus chun fás a spreagadh. Bhí nósanna eile le fáil go forleathan freisin, mar shampla, ag rolladh i ndrúcht na maidine ar mhaithe le tarraingteacht agus óige a mhéadú! Sa lá atá inniu ann bíonn Féile Tine ar siúl ar Chnoc Uisnigh ina mbíonn ceol, damhsa agus mórshiúl beoga tine.

Bhíodh ceanncheathrú Ardríthe na hÉireann ar Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí, áit nach bhfuil rófhada ar shiúl. Tá sé ann le 5,000 bliain ar a laghad. Insíonn taifid ón seachtú haois dúinn gurbh éigean d′Ardrí úr leann a ól agus an bandia Medb, nó Méabh, a phósadh go siombalach, tar éis a choisricthe mar rí ansin.

Cheiliúrtaí Samhain – an fhéile a bhíodh ann roimh Oíche Shamhna na linne seo – ansin chun deireadh an fhómhair agus tús an gheimhridh a fhógairt. Reáchtáiltí an fhéile ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair ón deichiú haois ar a laghad. Bhíodh sé níos éasca do na sprideanna nó na sióga ar a dtugtaí Aos Sí teacht isteach sa saol seo againne ón saol eile lena linn. D′fhágtaí bia agus deoch amach chun iad a cheansú agus leagtaí áit ag an mbord sna féastaí ar son anamacha na marbh. Chaití cultacha nuair a thugtaí aghaidh ar thithe daoine ag lorg bia, nós atá cosúil le bob nó bia na laethanta seo. Maireann mórán deasghnáth a bhaineann le Samhain fós i measc mhuintir na hÉireann, mar shampla, riartar bairín breac a bhfuil fáinne nó bonn istigh ann chun pé atá i ndán do dhuine amach anseo a thuar.

Foinse: Fáilte Éireann, Turasóireacht ÉireannSean-Oirthear na hÉireann