Skip to main content
Search
Gaeilge English

Ceann beag amháin don Bhóthar: Slí an Atlantaigh Fhiáin

Is í Éire an tír do lucht na fionnachtana agus na heachtraíochta.

Níl aon áit ar domhan a bhfuil an cumasc céanna den sean agus den nua inti. Tuigimid sa tír seo nach féidir an stair agus an oidhreacht a scaradh ón aimsir láithreach agus ón aimsir atá le teacht.

Déanfaidh Éire an tsamhlaíocht a chothú ionat. Tiocfaidh tú ar chultúr mearghluaiste atá fréamhaithe go domhain sa tírdhreach agus sa teanga, i dtraidisiún na hÉireann agus na hEorpa – cultúr a dhéanann athnuachan uirthi féin i gcónaí i bhfoirmeacha ceannródaíocha an lae inniu. Gach áit a mbreathnaíonn tú tá tuilleadh le fionnadh. Is cuma céard é do rogha – taisteal feadh chósta 2,500 km Shlí an Atlantaigh Fhiáin nó taiscéaladh a dhéanamh ar shuímh stairiúla atá ann le breis is 5,000 bliain in Oirthear na hÉireann, ní bheidh aon ghanntanas ort maidir le caitheamh aimsire.

Seoda Stairiúla Bhaile Átha Cliath

Ní haon phríomhchathair phlódaithe eile í, agus tá saibhreas staire i mBaile Átha Cliath. Ón tSeanleabharlann ina bhfuil Leabhar Ceanannais iontach go dtí Príosún Chill Mhaighneann, a raibh baint chomh mór sin aige leis an méid a tharla tar éis Éirí Amach suaiteach 1916, tá sí líonta lán leis an iliomad scéalta as stair na hÉireann. Agus tar éis duit an Life a thrasnú, beidh tú ag doras dubh Guinness ag Grúdlann Gheata San Séamais, a bhunaigh Arthur Guinness i 1759. Tá turais ar fáil dóibh siúd gur mian leo an pionta Guinness is fearr ar domhan a bhlaiseadh!

Iontais Chorcaí Thiar

Níl aon rud eile le rá faoi Chorcaigh Thiar in iardheisceart na hÉireann ach go bhfuil sí draíochtach. Tá sí lán de bhailte deasa pictiúrtha taobh le tránna den scoth agus leithinsí iontacha. Tá sár-radhairc le feiceáil ó Charn Uí Néid agus is ann atá Teach Solais Fastnet. Tugtar ‘Deor na hÉireann’ ar an túr bán seo – ainm a tugadh air de bharr gurb é an píosa deireanach den tír dhúchais a chonaic na heisimircigh a bhí ag dul thar lear na blianta fada ó shin. Ní haon ionadh é go bhfuil pobail an-chruthaitheacha ina gcónaí ann chomh maith. Bí ag spaisteoireacht thart faoi shráideanna pictiúrtha Chionn tSáile nó Dhún na Séad chun blaiseadh a fháil de na pobail seo – cuirfear dánlanna áitiúla agus margaí feirmeora ar fáil duit.

Cócaireacht na Gaillimhe

Agus tú ag dul i dtreo an iarthair, tá cáil ar chathair na Gaillimhe mar gheall ar a tréithe geanúla féin agus ar bhua na healaíne. Siar uaithi, tá Conamara atá fiáin, dochreidte , ina foinse inspioráide ag an iomaí duine, Martin McDonagh, an drámadóir agus stiúrthóir a bhuaigh duaiseanna, ina measc. (Tá an-chuid dá dhrámaí suite ansin i measc na dtírdhreach taibhsiúla). Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil an oiread sin fíor-chruthaitheachta sa chathair féin. Léirítear é seo le cócaireacht na cathrach chomh maith. Bíodh sé seo i gceann de na bialanna timpeall ar an Áirse Spáinneach agus an atmaisféar réchúiseach ansin nó i gceann de na bialanna a bhfuil réalta Michelin bainte amach acu, beidh togha na cócaireachta Éireannaí le fáil duit.

Is cuma cén tráth den bhliain is rogha leat cuairt a thabhairt ar Éirinn, ní bheidh tú ag déanamh botúin ar bith. Maidir le muintir na tíre seo, tá acmhainn grinn agus cairdiúlacht acu atá ag teacht leis an stair, leis na tírdhreacha agus leis an gcultúr nua-aoiseach. Tá fuinneamh na hóige insna cathracha againn agus suaimhneas gan suaitheadh inár gcomhshaol nádúrtha agus níl a shárú sin le fáil in áit ar bith eile seachas Éire.