Skip to main content
Search
Gaeilge English

Déan Ceangal le hOidhreacht na hÉireann

Céard eile a bheifeá ag siúl leis ó theach Seoirseach i bhFaiche Stiabhna? Bialann ghalánta? Óstán a bhfuil 5 réalta aige? Céard faoi stáir phríomhchathair na hÉireann?

Tá an Iarsmalann Bheag lonnaithe ar shuíomh nach mbeifeá in ann teacht air i dteach brící dearga atá clúdaithe le heidhneán ar imeall Fhaiche Stiabhna. Tá níos mó ná 5,000 déantán istigh i seomraí taispeántais na iarsmalainne, gach ceann acu tugtha ag an bpobal.

Osclaíodh sa bhliain 2011 i dtosach é, tháinig an iarsmalann réasúnta beag seo chun cinn go tapa i measc phríomhradhairc na cathrach seo. Cuireann sí bród Bhaile Átha Cliath chun tosaigh go mór mór, ag caomhnú stair, chultúr agus chruthaíocht na cathrach seo mar gheall ar na taispeántais shimplí a chuirtear ar bun inti.

Faigheann roinnt de phríomhcharachtair na cathrach seo taispeántais dá gcuid féin, ó ardmhéara mór le rá Bhaile Átha Cliath Alfie Byrne go dtí na réaltaí móra idirnáisiúnta U2. Bíonn go leor imeachtaí ar siúl taobh istigh, ceolchoirmeacha, cainteanna, taispeántais shealadacha ina measc – beidh Stair Bheag Theach Tábhairne Bhaile Átha Cliath ar siúl go dtí an 24 Meán Fómhair agus tá seomra suí teolaí curtha ar fáil don imeacht fiú.

Cuireann sí bród Bhaile Átha Cliath chun tosaigh go mór mór, ag caomhnú stair, chultúr agus chruthaíocht na cathrach seo mar gheall ar na taispeántais shimplí a chuirtear ar bun inti.

Murab ionann is na hinstitiúidí eile sa chathair, is é an turas treoraithe an bealach is fearr chun breathnú ar an áit seo. Is turas iontach é an gnáth-thuras, ach ag amanna speisialta i rith na seachtaine, is féidir le cuairteoirí foghlaim faoi na hamhráin, faoin na mná agus faoi scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath i dturais ar leith. Agus dóibh siúd ar mhaith leo a bheith amuigh, tosaíonn turais shiúil Fhaiche Stiabhna an iarsmalann gach Satharn agus Domhnach.

Agus é mar ambasadóir ar son Bhaile Átha Cliath, sheol an Iarsmalann Bheag tionscnamh na Mílte Fáilte. Toisc go gcuirtear turasóirí agus muintir na háite le chéile, is féidir le níos mó ná 2,000 turasóir teacht gach bliain, labhairt le muintir na háite agus a fháil amach céard iad na rudaí is fearr a dhéanamh agus a fheiceáil timpeall na hÉireann agus deoch á hól acu.

Taobh istigh de shé bliana, tá Iarsmalann Bheag Bhaile Átha Cliath ann anois mar phríomhchuid de chultúr phríomhchathair na tíre seo. Agus iad ag dréim le bheith níos mó agus liosta smaointe gan teorainn, inseoidh an iarsmalann seo scéal Bhaile Átha Cliath do na blianta amach anseo.