Skip to main content
Search
Gaeilge English

Na Scealga: Réaltra i bhfad i bhfad ó bhaile

Ainmníodh Fáinne na Scealg i gContae Chiarraí mar cheann de na deich n-áit is fearr le cuairt a thabhairt orthu in 2017 sa Lonely Planet, ina gcuimsítear Sceilig Mhíchíl álainn mhistéireach agus Oileáin Bheaga na Scealg – áit a chaithfidh tú a fheiceáil le do dhá shúil féin.

Tá os cionn 13,000 duine tar éis cuairt a thabhairt ar láithreán oidhreachta domhanda UNESCO na n-oileán féin le bliain anuas – áit a raibh ceann de na lonnaíochtaí mainistreach is luaithe in Éirinn agus, le déanaí anuas, cúlráid iargúlta an Mháistir Jeidígh Luke Skywalker sna scannáin Star Wars is déanaí: sin líon ollmhór daoine le cuairt a thabhairt ar dhá chreig íocónacha, sceirdiúla, ar imeall an Atlantaigh.

Is éacht nach beag é dul chomh fada leis na hoileáin ó Fháinne fiáin agus álainn na Scealg; caithfidh aon duine atá ar thóir eachtraíochta cur suas le láithreacha géara garbha ó lainseálfar báid, caithfidh siad dul trasna na farraige móire gan mórán foscadh agus d’fhéadfaidís teacht ar gach cineál aimsire gan choinne de réir mar a thugann a n-oibrí turasóireachta aghaidh caol díreach ar na hoileáin iargúlta seo.

Ach nuair a shroichfidh duine na hoileáin, beidh sé in am aghaidh a thabhairt suas na céadta céim bheag ghéar chasta atá shnoigh lucht na mainistreach a chuir fúthu ann díreach isteach sa charraig – agus é go léir ag tarlú faoi ghrinnscrúdú na gcéadta puifín, gainéad agus broigheall a fhanann ar na hoileáin ar feadh na bliana ar fad.

Is beag athrú atá tagtha ar fhothrach na mainistreach ar bharr Sceilig Mhíchíl, a théann siar go 600AD, le breis is míle bliain.

Is é an luach saothair nuair a shroicheann tú an barr agus nuair a fhéachann tú amach thar imeall an domhain an rud speisialta a bhaineann leis na Scealga thar aon áit eile ar domhan. Is beag athrú atá tagtha ar fhothrach na mainistreach ar bharr Sceilig Mhíchíl, a théann siar go 600AD, le breis is míle bliain, agus cuirfidh na clocháin choirceogacha ársa, a bhfuil carn déanta díobh le lámh in aice láimhe faoi dhraíocht thú, ag caitheamh macalla ar an saol atá caite.

Idir shíoraí agus neamhshaolta, is sampla iad na Scealga de shaibhreas oidhreacht agus stair ársa na hÉireann. Seoid i ndáiríre de Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an bealach turasóireachta cósta is faide ar domhan, agus díreach mar a d’inseodh lucht leanta scannán agus daoine ar breá leo a bheith amuigh faoin spéir duit é, is cinnte nach ndearmadfaidh tú choíche na gnéithe iontacha a bhaineann leis na Scealga – ar an scáileán nó sa saol i ndáiríre.

Foinse: Wild Atlantic Way, Irish Film Board, Fáilte Ireland, Tourism Ireland