Skip to main content
Search
Gaeilge English

Séadchomhartha Mistéireach

 

Tá stair iontach ársa na hÉireann agus na miotais agus na finscéalta go léir a fhágann beo inár n-intinn í cuimsithe, d’fhéadfá a rá, laistigh de struchtúr a tógadh os cionn 5,000 bliain ó shin, sular smaoiníodh riamh ar na pirimidí a thógáil san Éigipt.

Is dumha adhlactha réamhstairiúil ollmhór i gContae na Mí é Sí an Bhrú, a tógadh sa ré Neoiliteach thart ar 3,200RCh. Is dumha cré mór millteach é atá 76 méadar (250 troigh) ar leithead agus 12 méadar (39 troigh) ar airde. Is féidir dul isteach sa séadchomhartha trí phasáiste caol agus as sin tiocfaidh tú ar sheomra beannaithe lárnach agus ar trí sheomra níos lú, agus taobh istigh díobh sin fuarthas cnámha agus iarsmaí eile. Tá go leor den láthair maisithe le snoíodóireacht álainn de bhíseanna agus patrúin gheoiméadracha a rinne muintir ársa na hÉireann.

Rud a rachaidh i gcion níos mó arís ar dhuine ná gur thóg an sinsear sin an séadchomhartha ionas go mbeadh sé ailínithe le héirí na gréine ar ghrianstad an gheimhridh. Ag éirí lae an 21 Nollaig gach bliain tagann solas na gréine isteach trí pholl beag sa tuama agus scalann sí tríd an seomra láir ar feadh cúpla nóiméad. Creidtear go raibh Sí an Bhrú fíorthábhachtach go deo do na daoine a chruthaigh é, á nascadh leis na saolta nádúrtha agus spioradálta.

Tá go leor den láthair maisithe le snoíodóireacht álainn de bhíseanna agus patrúin gheoiméadracha a rinne muintir ársa na hÉireann..

Séalaíodh an tuama clúiteach seo ón saol mór ar feadh míle bliain go dtí, in 1699, gur thug úinéir talún áitiúil ordú d’oibrithe ar a fheirm an dumha a thochailt. Thángthas ar an mbealach isteach, agus ba ghearr go raibh an domhan mór faoi dhraíocht ag an struchtúr nuálach casta seo. Ag an am, dhiúltaigh go leor daoine a chreidiúint gurbh iad muintir ársa na hÉireann a thóg an séadchomhartha, agus dar le roinnt acu gurbh iad na Lochlannaigh a rinne ionradh ar an tír nó fiú na hÉigiptigh ársa a thóg é.

Sa lá atá inniu ann, bíonn turais stairiúla ar siúl i Sí an Bhrú gach lá agus ag deireadh an lae déantar athléiriú ar ghrianstad an gheimhridh, ag úsáid soilse leictreacha ardchumhachta amhail is gurb í an ghrian atá ag éirí. D’fhonn éirí gréine an ghrianstad a fheiceáil i ndáiríre, caithfidh cuairteoirí cur isteach ar chrannchur bliantúil óna roghnaítear 50 ainm chun cuairt a thabhairt ar an láthair ar an lá speisialta sin nó timpeall air. Turas iontach do bheagán daoine a mbíonn sé d’ádh orthu rud a fheiceáil a mheas ár sinsir a bheith an-naofa go deo.

Foinse

Ireland's Ancient East

Failte Ireland

Tourism Ireland