Skip to main content
Search
Gaeilge English

Éire: Ag Tacú leis an tSíocháin Idirnáisiúnta

Tar éis d’Éirinn dul isteach sna Náisiúin Aontaithe in 1955, ba ghearr go raibh ár nÓglaigh páirteach in oibríochtaí tacaíochta síochána na Náisiún Aontaithe. Tá siad á dhéanamh sin ó 1958 i leith, agus iad bunaithe sa Mheánoirthear den chuid is mó.

Le blianta beaga anuas, bhí baill d’Óglaigh na hÉireann ag obair ag tacú leis an tsíocháin in go leor áiteanna eile ar fud an domhain, lena n-áirítear Meiriceá Láir, an Rúis, an iar-Iúgslaiv, an Chambóid, an Iaráin, an Iaráic, an Afganastáin, Cuáit, an Namaib, an Sahára Thiar, an Libéir agus Tíomór Thoir.

Tá traidisiún mórtasach Óglaigh na hÉireann i gcoimeád na síochána ar fud an domhain fós láidir inniu.

I measc an ullmhúcháin i gcomhair an imlonnaithe bíonn oiliúint i gCill Uird i gContae Chorcaí agus i nGleann Ó Máil i Sléibhte Chill Mhantáin. Ullmhaítear ansin i gcomhair raon cásanna agus cleachtaí allamuigh, agus áirítear leis patróil bhréige, ag láimhseáil fearas pléascach, chomh maith le hoiliúint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíochta agus núicléach.

Faoi dhlí na hÉireann, ní féidir le hÓglaigh na hÉireann a bheith rannpháirteach ach amháin in oibríochtaí tacaíochta síochána thar lear a údaraíonn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a cheadaíonn an rialtas agus, i gcás oibríochtaí níos mó, Dáil Éireann (Parlaimint na hÉireann).

Tá traidisiún mórtasach Óglaigh na hÉireann i gcoimeád na síochána ar fud an domhain fós láidir inniu agus amhail mí Feabhra 2017, bhí beagnach 550 de lucht pearsanra Óglaigh na hÉireann ar fiannas i misin síochána na Náisiún Aontaithe. Ar an drochuair ní in aisce a tugadh an tseirbhís sin. Go dtí seo, cailleadh 85 ball dár nÓglaigh ar son na síochána ar fud an domhain.

Foinse: Óglaigh na hÉireann