Skip to main content
Search
Gaeilge English

Nuálaíochtaí Iontacha Éireannacha

Tá an chruthaitheacht ina cuid ríthábhachtach de chultúr na hÉireann. Nuair a fheicimid fadhb, ní bhíonn drogall orainn aghaidh a thabhairt uirthi agus an réiteach is fearr a fháil uirthi. Seo ceithre nuálaíocht Éireannacha iontacha a bhfuiltear ag trácht orthu anseo agus ar fud an domhain.

Sugru

Sampla clasaiceach de smaoineamh atá simplí, úsáideach agus nuálach ag an am céanna, go simplí, gliú somhúnlaithe is ea Sugru . Tháinig Jane Ní Dhulchaointigh, a rugadh i gCill Chainnigh, aníos leis an smaoineamh in 2003 mar scoláire i Londain, cuireadh an táirge ar an margadh in 2009, agus anois féadfar é a cheannach in os cionn 5,000 láthair ar fud an domhain.

My UV Patch

Is gearr go mbeidh a fhios againn go beacht nuair is gá scáth gréine a chur ort féin, a bhuíochas do My UV Patch. Chuaigh an chuideachta déantúsaíochta dearadh custaim as Éirinn, PCH, i gcomhar leis an gcuideachta mhór cosmaidí L’Oréal in 2016 chun táirge nuálach a fhorbairt. Tá an braiteoir craicinn leictreonach insínte an-tanaí agus cinneann sé an méid UV (gathanna ultraivialait) atá glactha ag an gcaiteoir.

Tá an chruthaitheacht ina cuid ríthábhachtach de chultúr na hÉireann.

Intel Curie

Ar an méid céanna le cnaipe, dhear foireann faoi threoir Noel Murphy an tslis bheag seo in Éirinn agus is cinnte go bhfuil sí chun croitheadh a bhaint as margadh na n-earraí leictreonacha inchaite. Ó fheidhmíocht lúthchleasaithe a rianú go héadaí a athraíonn i rith an lae, níl teorainn leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as Intel Curie.

Scriba

Tá smacht gan fasach á thabhairt do dhaoine cruthaitheacha sa domhan digiteach leis an bpeann cliste Scriba a dearadh i gcomhair compoird agus beachtais. Éagsúil óna gcéile comhraic, is féidir an uirlis eirgeanamaíoch – a dhear David Craig ó Stiúideo Dearaidh Bhaile Átha Cliath – a fháisceadh chun meáchan, teimhneacht agus doiléire na líne a athrú.