Skip to main content
Search
Gaeilge English

Ag Dul i nGleic Leis: Liathróid Láimhe CLG

Léiríodh cluichí atá cosúil le liathróid láimhe le mílaoiseanna anuas, ón tSean-Éigipt go haimsir na nAstacach. Thugtaí liathróid láimhe Ghaelach ar an spórt ar a dtugtar Liathróid Láimhe CLG sa lá atá inniu ann.

Bhí fonn ar an gCumann Lúthchleas Gael (CLG) tar éis a bhunaithe sa bhliain 1884 liathróid láimhe, mar aon le spóirt Éireannacha eile, a chur chun cinn. Cé nach bhfuil an tóir chéanna ar liathróid láimhe CLG agus atá ar na cluichí náisiúnta eile ar nós peil Ghaelach agus iománaíochta, tá níos mó spéise á léiriú inti ar bhonn leanúnach in Éirinn.

Imrítear liathróid láimhe i gcúirt shaintógtha. Tá ceithre chluiche dhifriúla i gceist le liathróid láimhe: 40×20, Cluiche Aon Bhalla, 60×30 agus Crualiathróid. Is cluichí traidisiúnta Éireannacha iad an dá cheann dheireanacha sin. Is é aidhm an chluiche go mbuailfí an liathróid in éadan an bhalla tosaigh agus go bpreabfaí faoi dhó í sula mbíonn deis ag an iomaitheoir eile an liathróid a bhualadh ar ais. Imrítear liathróid láimhe i gcluiche singil agus i gcluiche dúbailte. Braitheann na ceithre chluiche dhifriúla ar mhéid na cúirte, ar líon na mballaí agus ar an gcineál liathróide a úsáidtear. Mura bhfuil cur amach agat ar an gcluiche, shílfeá gur scuais atá ann gan na raicéid.

Imrítear an cluiche fós i bhfoirmeacha éagsúla ar fud an domhain. Maidir le comórtais idirnáisiúnta, tá an lámh in uachtar ag lúthchleasaithe na hÉireann sa spórt le blianta beaga anuas.

Baineann an chéad léiriú ar liathróid láimhe na hÉireann leis an mbliain 1785. Cuirtear in iúl sna taifid, áfach, nach raibh cead ag daoine i nGaillimh cluichí liathróide a imirt i gcoinne bhallaí an bhaile i 1527. Níltear cinnte conas a tháinig an cluiche chun cinn in Éirinn ach tá teoiricí éagsúla ann, mar shampla, an nasc trádála idir Gaillimh agus an Spáinn, réigiún na mBascach go sonrach, áit a n-imrítear cluiche den chineál céanna – peileota – fós. Tugtar le fios i bhfríotha seandálaíochta in Éirinn ó shin go mb'fhéidir gur imríodh cluiche liathróid láimhe den chineál céanna anseo thar na gcéadta bliain.

Thug eisimircigh Éireannacha agus Albanacha an cluiche go tíortha eile lenar áiríodh na Stáit Aontaithe, Meicsiceo, an Afraic, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Imrítear an cluiche fós i bhfoirmeacha éagsúla ar fud an domhain. Maidir le comórtais idirnáisiúnta, tá an lámh in uachtar ag lúthchleasaithe na hÉireann sa spórt le blianta beaga anuas. Bhain Paul Brady as an gCabhán cúig chraobh dhomhanda as a chéile sa liathróid láimhe. Is curiarracht é sin. Lena chois sin, thug Aisling Reilly as Béal Feirste dhá chraobh dhomhanda as a chéile léi.

Níl an cluiche reatha i mbaol ar scor ar bith siocair go bhfuil Killian Carroll as Mala i gContae Chorcaí tar éis teacht chun cinn mar an sárimreoir ar chamchuairt na liathróide láimhe gairmiúla sna Stáit Aontaithe.