Skip to main content
Search
Gaeilge English

Ag Sealgaireacht Blas ón Duibhagán

Tá cleachtadh maith ag na hÉireannaigh ar bhia mara; nach náisiún oileánda muid i ndiaidh an tsaoil, agus náisiún filí agus ealaíontóirí a fhaigheann spreagadh ó fharraigí cáite.

Is dream muid freisin a dtaitníonn ár mbia go mór linn. Tá ról lárnach ag miasa bia mara i gcócaireacht thraidisiúnta na hÉireann, agus gach seans go bhfeicfidh daoine a bhíonn ag ithe i mbialanna bradán deataithe agus oisrí ar an mbiachlár in éineacht le miasa níos neamhghnáiche cosúil le fíogach agus cuán mara nach bhfeictear faoi thoinn chomh minic.

Ach an oiread le cuid mhaith rud Éireannach, má tá fréamhacha láidre sa chaidreamh idir an cócaire Éireannach agus na huiscí mórthimpeall air is minic leis an gceangal sin athrú freisin. Níl ort ach féachaint ar chefanna na linne seo agus ní hamháin go bhfaigheann siad inspioráid ó áilleacht na mara, ach freisin i dtraidisiúin na nglún a chuaigh rompu a d’aimsigh bia ar na cladaí.

I gcás an chef Katie Sanderson ar maith léi triail a bhaint as go leor miasa ciallaíonn sé go gcaithfidh sí dul ar thóir chomhábhar fiáin na mara agus iad a chócaráil ar bhealaí cliste in éineacht le hiasc ar rugadh air níos túisce sa lá. Tugadh an Dillisk Project (is feamainn Éireannach é an duileasc/creathnach) ar an tsraith taithí bia chruthaitheach a bhí aici in 2014 agus 2015 agus a bhí ar siúl aici i seid bád athchóirithe i gConamara, i gContae na Gaillimhe. Tharraing an láthair neamhghnách aird ar na téamaí áitiúla sna miasa cosúil le mangach tandoori-chócaráilte le craobhraic agus laíon na trá.

Ar Inis Meáin, aimsíonn agus cócarálann an chef Ruairí de Blacam comhábhair ar bhealaí a bhí coitianta riamh anall ar Oileáin Árann. Is rud traidisiúnta do de Blacam, oileánaí ó dhúchas a rugadh sular tugadh leictreachas chomh fada leis an oileán, an cladach a sciúradh le maireachtáil, seachas treochtaí bia. Is minic nach mbíonn ar an bpláta ag Ruairí ina mhiasa cruthaitheacha ach dhá chomhábhar de tháirgeadh cósta atá i séasúr, agus ardmheas aige ar chomhábhair úra an lae.

Is rud traidisiúnta do de Blacam, oileánaí ó dhúchas a rugadh sular tugadh leictreachas chomh fada leis an oileán, an cladach a sciúradh le maireachtáil, seachas treochtaí bia.

Idir an dá linn, ar an bhFód Dubh, Contae Mhaigh Eo atá Barbara Heneghan – bean eile a bhíonn ag seilg agus chef a fhaigheann inspioráid ón gceantar áitiúil. Leanann sí traidisiún na n-iascairí, choimeádaithe na dtithe solais agus daoine eile a d’aimsigh bia feadh chóstaí na hÉireann.

I gceardlanna ar chócaireacht fhiáin agus siúlóidí sealgaireachta treoraithe (chomh maith le gallúnacha agus coinnle a dhéanamh le feamainn agus bláthanna fiáine), téitear i dtír ar acmhainní phortaigh, fhálta agus chladaí na hÉireann a bhíonn i bhfolach go minic chun plandaí fiáine inite a bhaint.

Tá cósta na hÉireann go hálainn ar ndóigh agus sin é an fáth a dtugann an oiread turasóirí cuairt air. Tá níos mó ná radhairc áille ag baint leis an uisce inár dtimpeall; is lardrús gan choinne é dóibh siúd a bhfuil dúil acu i rudaí fiáine.