Skip to main content
Search
Gaeilge English

Caoimhín Ó Raghallaigh, Ceoltóir

Idir bhríomhar agus bheoga, bhrónach agus bhinn, is cinnte gur rud casta, éagsúil agus corraitheach é ceol traidisiúnta na hÉireann. Agus tá sé faoi bhláth. Ar fud na hÉireann ar fad, tá taibheoirí traidisiúnta óga ag glacadh bhrat an tseánra agus á úsáid chun rudaí spéisiúla a chruthú. Sampla amháin de sin is ea an fidléir Caoimhín Ó Raghallaigh, ceoltóir traidisiúnta Gaelach a bhfuil clú air de bharr a stíle ceoil dordán-bhunaithe.

I rith na mblianta, tá saothar Chaoimhín bailithe ar aghaidh ó na fuaimeanna seanbhunaithe a bhain leis an gceol traidisiúnta go dtí an ceol níos turgnamhaí, níos éadroime a sheinneann sé. Inniu, tá clú agus cáil air as an stíl ar leith atá aige leis an bhfidil a bhfuil tionchar mór ag an bpíb uilleann air – píb náisiúnta na hÉireann – agus ceol Sliabh Luachra – réigiún i gCúige Mumhan atá ar an teorainn le contaetha Chorcaí, Chiarraí agus Luimnigh.

Seans go bhfuil an stíl eicléictiúil sin ag Caoimhín de bharr raon na gceoltóirí a gcomhoibríonn sé leo go minic. Seinneann an ceoltóir óg go rialta leis an seinnteoir bosca as Ciarraí Thiar Breandán Ó Beaglaoich agus sheinn sé chomh maith leis an ngrúpa Amiina as an Íoslainn, le Sam Amidon agus le The Waterboys. Tá sé ina bhall de na grúpaí comhaimseartha traidisiúnta The Gloaming agus This Is How We Fly agus tá coimisiúin mhóra curtha le chéile aige d’Amharclann na Mainistreach in Éirinn.