Skip to main content
Search
Gaeilge English 日本語

Eamonn Doyle: Súil Ghrinn Thuaisceart na Cathrach

Níl aon áit ar domhan cosúil le lár chathair thuaidh Bhaile Átha Cliath.

An áit ar léigh Pádraig Mac Piarais an Forógra amach os ard ag tús Éirí Amach 1916 agus an áit ina bhfuil pobail nua bhríomhara imirceach le feiceáil an t-am ar fad.

Áit lán le macallaí den saol atá caite agus dóchas don todhchaí. Tá sé ildaite agus cairdiúil agus greanach ag an am céanna. Tá sé ag athrú de shíor, ach cheapfá ar chaoi éigin eile nár athraigh sé riamh.

Agus cén chaoi a dtógfaidh tú é sin ar fad ar an gceamara? Is é an fear taobh thiar den taifead ar an áit speisialta seo ná Éamonn Doyle, fear nach gceapfá aon cheangal a bheith aige leis an áit – fear a chuaigh ar ais i mbun cheird na grianghrafadóireachta in 2008 tar éis briseadh 17 mbliana a ghlacadh.

Tar éis dó céim a bhaint amach sa ghrianghrafadóireacht in 1991, chuir saol ceoil leictreonaigh Bhaile Átha Cliath a bhí ag dul i méid faoi gheasa é. Bhunaigh sé lipéid thaifeadta, léirigh sé ceol agus reáchtáil sé féile; is leis na rudaí sin a bhí sé ag obair ar feadh beagnach scór bliain.

Níorbh fhada go raibh grianghraif de sheanóirí Bhaile Átha Cliath ag dul ar bhus agus ag bailiú a bpinsean le feiceáil ar bhoird caife ar fud an domhain mhóir.

Bhí sé ag obair i bhfoisceacht beagnach 1km dá theach ar Shráid Parnell tráth ar thosaigh Doyle ag glacadh pictiúr de na daoine ba shine a bhí ar leac an dorais aige i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon aithne air i saol na grianghrafadóireachta, ach sheol sé a chéad leabhar chuig aon duine a tháinig ina chloigeann, duine dá chuid laochra ina measc, Martin Parr.

Rinne Parr cur síos ar an mbailiúchán ina dhiaidh sin mar “An leabhar grianghraif sráide is fearr a chonaic mé le deich mbliana”, agus mheas léirmheastóirí idirnáisiúnta go mba phointe cinniúnach é sin don seánra agus ba ghearr go raibh a chéad leabhar díolta amach go hiomlán.

Níorbh fhada go raibh grianghraif de sheanóirí Bhaile Átha Cliath ag dul ar bhus agus ag bailiú a bpinsean le feiceáil ar bhoird caife ar fud an domhain mhóir.

Sampla thar cionn de dhuine a ndeachaigh a thimpeallacht i gcion go mór ar a inspioráid.

Fuair bailiúcháin Doyle an t-ardmholadh céanna ina dhiaidh sin. Shocraigh sé aird an cheamara an uair seo ar réimse níos leithne de shaol lár na cathrach. Burgair, faoileáin, laindéir Shíneacha. An t-aos óg, seanóirí, daoine meánaosta. In ainneoin a gcuid éagsúlachta, bhain a chuid ábhair go léir le Tuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath.