Skip to main content
Search
Gaeilge English

Éire: Bunús Oíche Shamhna

An raibh a fhios agat gur in Éirinn atá Bunús Oíche Shamhna?

Tosaíonn stair Oíche Shamhna in Éirinn níos mó ná 1,000 bliain ó shin, leis an bhféile ársa Cheilteach, Samhain.

Foghlaim faoin gcaoi gur in Éirinn atá Bunús Oíche Shamhna anseo:

Ar mhaith leat cáca Oíche Shamhna na hÉireann, Bairín breac, a bhlaiseadh?

Itear Bairín breac go forleathan gach fómhar in Éirinn, agus cuireann sé go blasta le haon fhéasta Oíche Shamhna! An raibh a fhios agat go raibh sé de nós ag ár sinsir roinnt comhábhar an-aisteach a bhácáil taobh istigh de Bhairín breac, lena n-áirítear fáinne agus bonn airgid? Bhí brí ar leith le gach mír agus cheaptaí go ndéanaidís céard a bhí i ndán do dhuine sa chéad bhliain eile a thuar.

Faigh amach conas do Bhairín breac féin a bhácáil le cúpla céim éasca anseo:

Imrítear go leor cluichí ar Oíche Shamhna in Éirinn freisin!

An raibh a fhios agat go mbaineann an-chuid cluichí Oíche Shamhna le hÚlla agus leis an bhFáistineacht?

Cén fáth nach nglacfá páirt sa spraoi sin agus triail a bhaint as na cluichí seo le do theaghlach i mbliana?

Scéal Oíche Shamhna:

Tosaíonn scéal Oíche Shamhna in Éirinn níos mó ná 1,000 bliain ó shin, leis an bhféile ársa Cheilteach, Samhain.

Imeacht tábhachtach sa bhliain Cheilteach a bhí i Samhain, chun an fómhar agus an deighilt idir “an leath geal den bhliain” agus “an leath dorcha den bhliain” a cheiliúradh. Téann fréamhacha roinnt traidisiúin de chuid Oíche Shamhna na linne seo siar go Samhain.

Chreideadh na Ceiltigh ársa go raibh an saol eile níos gaire do shaol na mbeo ag Samhain, agus gurbh fhéidir le hanamacha na marbh filleadh ar an Talamh, chomh maith le púcaí diabhalta, síoga agus ainsprideanna. Mar gheall air sin, chaitheadh na Ceiltigh aghaidheanna fidil le nach n-aithneodh na neacha seo nach mbíodh fáilte rompu iad: na feistis bhunaidh Oíche Shamhna!

Téann bob nó bia siar go dtí an t-am seo freisin, toisc go mbíodh daoine ag déircínteacht bia, ar a dtugtaí “cácaí anama”, agus dhéanaidís paidreacha a ofráil ar son na marbh mar chúiteamh.

Ag Samhain, ba thraidisiún é tinte móra pobail, nó tinte cnámh, a lasadh. Tagann an focal “bonfire”, nó “tine chnámh” as Gaeilge, ón nós ársa a bhí ag na Ceiltigh cnámha ainmhithe marbha a chur isteach sna tinte sin, agus dhéantaí iad a scaipeadh ar an talamh ansin toisc gur cheaptaí go gcinnteodh sé sin fómhar fairsing an bhliain dar gcionn. Mhúchtaí tinte i dtithe ag Samhain, agus d’iompraíodh daoine aibhleog dhearg ón tine chnámh abhaile leo, i lóchrann a shnoití as tornapa.

Le himeacht ama, tugadh gnéithe d’fhéilte traidisiúnta págánacha isteach san fhéilire Chríostaí, agus de réir a chéile, rinneadh Lá na Naomh Uile, nó Oíche Shamhna, de Shamhain.

Scaipeadh traidisiún Oíche Shamhna go Meiriceá sa naoú haois déag, nuair a chuaigh an-chuid de mhuintir na hÉireann ar imirce ann, agus tháinig forbairt ar nósanna traidisiúnta Samhna i gcaitheamh na mblianta. Mar shampla, thosaigh na heisimircigh Éireannacha i Meiriceá ag sní puimcín in áit an tornapa mar ba dheacair teacht ar thornapaí.

Thug eisimircigh Éireannacha traidisiún Oíche Shamhna leo go dtí a dtithe nua ar fud an domhain, agus sin an fáth a dhéantar í a cheiliúradh sa lá atá inniu ann!