Skip to main content
Search
Gaeilge English

Léamh Inbhraite ar an Stair

Léigh an ceannaire reibiliúnach, Pádraig Mac Piarais, Forógra na Poblachta taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916. Ag an am céanna, ardaíodh bratach nua go siombalach os cionn an fhoirgnimh. Chuir sé sin tús leis an éirí amach armtha ar mhaithe le deireadh a chur le Riail na Breataine in Éirinn. Is fearr aithne anois air mar Éirí Amach na Cásca. Tá an bhratach chaite sin, atá bríomhar fós – bratach Phoblacht na hÉireann – i measc na míreanna íocónacha atá ar taispeáint sa taispeántas, Dearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916.

Insítear an scéal faoin tseachtain stairiúil sin, a spreag an feachtas ar son neamhspleáchas na hÉireann athuair, go mion sa taispeántas iontach seo in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath. Is iniúchadh an-inbhraite é ar an Éirí Amach. Tig le cuairteoirí léargas a fháil ar na scéalta iontacha faoi shibhialtaigh, comhraiceoirí, ceannairí agus marthanóirí an chatha trí nithe, téacs agus íomhánna fíorspéisiúla na tréimhse.

Tá míreanna de gach saghas le fáil sa taispeántas, idir phearsanta agus pholaitiúil, lena áirítear óráidí polaitíochta agus éidí míleata le taobh chuimhneacháin fhíorluachmhara na gceannairí, ina measc spéaclaí Phádraig Mhic Phiarais, uaireadóir póca Sheáin Mhic Dhiarmada agus crios Sam Brown a chaith an Chuntaois Constance Markievicz.

Cé gur ghéill na reibiliúnaigh ar deireadh thiar tar éis cúig lá de throid fhíochmhar, bhí Éirí Amach na Cásca agus freagairt na Breataine air – lena n-áirítear cur chun báis na ndaoine a shínigh an Forógra – ina mbunús le méadú suntasach ar an tacaíocht ar son neamhspleáchas na hÉireann agus, níos déanaí, le céadtionól Dháil Éireann, parlaimint neamhspleách na hÉireann. Thit Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha na hÉireann amach ina dhiaidh sin. Ba bhunús an méid sin le bunú Phoblacht na hÉireann sa bhliain 1949.

Bhí Dearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916 ar cheann de na taispeántais iontacha shuntasacha a ceapadh mar chuid d’Éire 2016 – clár bliana chun comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh. Is taithí ar leith é a chuireann cuairteoirí i lár na ndaoine agus na n-eachtraí a thit amach agus is píosa coscrach staire é a thugann fíorléargas ar cheann de na heachtraí is tábhachtaí i stair na hÉireann. Faigh amach níos mó faoin taispeántas Proclaiming a Republic: The 1916 Rising agus National Museum of Ireland.

Foinse: 

National Museum of Ireland

Proclaiming a Republic

Decade of Centenaries