Skip to main content
Search
Gaeilge English

Sa Fhráma: Beochan Nuálach Éireannach

Idir scéalta rabhcán muirí in Song of the Sea agus an mhiotaseolaíocht le líníocht álainn in The Secret of Kells, tá maisitheoirí agus cartúnaithe na hÉireann chun cinn i mbarr nua scéalaíochta do leanaí agus do dhaoine fásta.

Mar aon le seoladh Lighthouse Studios, fiontar nua ó Cartoon Saloon as Cill Chainnigh agus comhlacht mór beochana as Ceanada, Mercury Filmworks, is cosúil go bhfuil borradh faoin treocht nua – treocht a dhéanann ceiliúradh ar an mbeochan in Éirinn mar thionscal a bhfuil cuma na maitheasa air agus atá faoi bhláth.

Ní raibh ach 70 post lánaimseartha beochana in Éirinn 10 mbliana ó shin – uimhir atá imithe i méid go dtí os cionn 1500 anois – is cosúil go bhfuil an cruthúnas le feiceáil sna tithe léiriúcháin.

Tá dhá ainmniúchán do Ghradam Academy agus BAFTA faighte ag an stiúideo beochana Cartoon Saloon, a bhunaigh na déantóirí scannán Paul Young, Tomm Moore agus Nora Twomey i 1999.

Tá aithne mhór orthu mar gheall ar an scannán Song of the Sea ó 2015, a raibh clú forleathan air agus a bhí ar an ngearrliosta do Ghradam Academy, ba é an chéad scannán fada a rinne siad, The Secret of Kells, a chuir ar an mapa iad, agus ainmniúchán Oscar faighte acu in 2010 mar aon le haird an tionscail bheochana idirnáisiúnta a tharraingt.

Ó ghearrscannáin a bhuaigh duaiseanna go príomhscannáin agus sraitheanna iontacha do leanaí cosúil le Skunk Fu agus Puffin Rock a craoladh ar fud an domhain, tá 18 mbliana caite ag an ngrúpa ag insint scéalta ar an scáileán, agus faoi láthair tá obair a críochnú acu ar scannán nua le Jolie Pas Productions de chuid Angelina Jolie dar teideal The Breadwinner.

Tá cultúr uathúil cruthaithe ag an bhfonn sin atá ar mhuintir na hÉireann scéalta a insint trí phictiúir agus trí fhocail atá in oiriúint go hiontach do stiúideonna beochana den chéad scoth.

Tá inspioráid faighte ó rath na mboc mór i mbeochan na hÉireann ag glúin nua de ghairmithe beochana le bunú, agus inniu tá níos mó ná 20 díobh ag tabhairt a scileanna cruthaitheacha do thionscadail scannán, teilifíse agus ghréasáin ar fud an domhain.

Tá aird dhomhanda á tarraingt ar tithe léiriúcháin búitíc cosúil le Ink and Light agus Treehouse Republic atá ag teacht chun cinn, mar aon le buaiteoirí duaiseanna cosúil le Pink KongKavaleer, agus Boulder Media (gan ach cúpla ceann a lua) a bhfuil aird an domhain á dtarraingt acu as a saothar. Tá cultúr uathúil cruthaithe ag an bhfonn sin atá ar mhuintir na hÉireann scéalta a insint trí phictiúir agus trí fhocail atá in oiriúint go hiontach do stiúideonna beochana den chéad scoth.

Foinse: Irish Film BoardCulture IrelandArts CouncilEnterprise IrelandAnimation Ireland